Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Acmhainní Daonna

Is í an rannóg acmhainní daonna a dhéanann taighde agus forbairt ar straitéisí agus ar bheartais acmhainní daonna chun tacú le húdaráis áitiúla chun a gceanglais soláthair sheirbhíse a chomhlíonadh. 

Tugtar treoir, comhairle agus tacaíocht d’údaráis áitiúla maidir le conas aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais oiliúna agus forbartha a bhfostaithe ar mhaithe le spriocanna oibriúcháin na todhchaí a chomhlíonadh.  Tugtar raon leathan de chomhairle agus de thacaíocht ar shaincheisteanna reachtaíochta agus acmhainní daonna i réimsí cosúil le comhionannas deiseanna, ilchineálacht agus míchumas chomh maith. 

Soláthraíonn siad comhairle, faisnéis agus treoir bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta chun cabhrú le húdaráis áitiúla chun an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 a chomhlíonadh. 

Tacaíonn agus déanann an rannóg seo maoirseacht agus athbhreithniú ar fhorfheidhmiú an chláir nuachóirithe i gcomhpháirtíocht trí bhíthin an Fhóraim Chomhpháirtigh Bhainistíochta / Ceardchumainn, Grúpa Comhairleach Comhpháirtíochta Náisiúnta na nÚdarás Áitiúil (LANPAG).  Éascaíonn siad obair iliomad líonraí in earnáil an údaráis áitiúil.
Cuardaigh LGMSB HOME
An raibh a fhios agat seo?
  • Tá 1627 de chomhaltaí rialtais áitiúil ann a toghadh go díreach.
  • Ón mbliain 2000 i leith d’oibrigh an rialtas áitiúil agus na gníomhaireachtaí forbartha áitiúla as láimh a chéile faoi scáth an rialtais áitiúil agus is iad atá freagrach as straitéisí a mholadh agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis an bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha i ngach aon chontae.
  • Is é Tollán Sheán Ó Loinsigh, i gCorcaigh an chéad tollán bóthair faoi abhainn in Éirinn agus ba í seo an chéad uair ar baineadh úsáid as an teicneolaíocht tolláin bháite in Éirinn.