Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Bunachar Téarmaí don tSeirbhís Phoiblí

Cad é an Bunachar Téarmaí don tSeirbhís Phoiblí?

De réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go n-úsáidtear Gaeilge amháin, nó an Ghaeilge agus an Béarla le chéile, ar fhógraí, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht. Sa bhunachar téarmaí seo tá rogha leathan de théarmaí bunúsacha a bheidh ina chabhair do chomhlachtaí poiblí agus an dualgas sin á chomhlíonadh acu. Tá sé an-simplí: is féidir an bunachar a chuardach de réir teanga, de réir catagóire (go haibítreach), nó is féidir an bunachar sonraí iomlán a chuardach do théarma faoi leith leis an inneall cuardaigh. Tá na téarmaí ar fáil i bhfoirm liostaí aicmithe a bhaineann le réimsí éagsúla den tseirbhís phoiblí agus beidh tuilleadh réimsí agus téarmaí á gcur leis an mbunachar de réir a chéile. Nuair ba léir go bhfuil níos mó ná leagan amháin sa rith go coitianta, tugadh na leaganacha éagsúla sin.
 
Cuardaigh LGMSB HOME
An raibh a fhios agat seo?
  • Is é Tollán Sheán Ó Loinsigh, i gCorcaigh an chéad tollán bóthair faoi abhainn in Éirinn agus ba í seo an chéad uair ar baineadh úsáid as an teicneolaíocht tolláin bháite in Éirinn.
  • Tá 1627 de chomhaltaí rialtais áitiúil ann a toghadh go díreach.
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.