Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Caidreamh Tionsclaíoch

Gabhann an Rannóg Caidrimh Thionsclaíoch do na príomhróil seo a leanas:


Idirbheartaíochtaí Náisiúnta

  • Sa stiúir thar ceann na hearnála ar idirbheartaíochtaí ar chomhaontuithe náisiúnta na comhpháirtíochta sóisialta.
  • Sa stiúir thar ceann na hearnála ar idirbheartaíochtaí agus ar phléití le ceardchumainn agus le cumainn foirne maidir leis na gnéithe go léir a dhéanann difear d’údaráis áitiúla.
  • Oibriúchán éifeachtach fhóram na Comhairle Náisiúnta Údarás Áitiúil (LANC) a chinntiú ó thaobh na n-éileamh caidrimh thionsclaíoch go léir lena mbaineann impleachtaí náisiúnta a phróiseáil. 


Ionadaíocht Ghairmiúil

Ionadaiocht gharmiúl a dhéanamh thar ceann na n-údarás áituil ag imeachtai uile triú páirtí lena n-áirtear An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais (LRC).  An Coimisinéir um Chearta, An Chúirt Oibreachais, An Binse Achomhairc Fostaíochta, An Binse Comhionannais, An Comhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe agus próiseas aontaithe idirghabhála, eadrána nó breithnithe ar bith eile.

Ról Comhairleach
  • Cabhrú le húdaráis áitiúla le taighde, ullmhú agus seoladh idirbheartaíochtaí agus pléití le ceardchumainn agus cumainn foirne go háitiúil
  • Anailís agus treoir a sholáthar d’údaráis áitiúla maidir le cearta fostaíochta agus maidir le tionchar reachtaíochta nua / leasaithe 
Cuardaigh LGMSB HOME
An raibh a fhios agat seo?
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.
  • Cuireann an leabharlann phoiblí staidéir áitiúla chun cinn, eagraíonn sí léachtaí agus taispeántais, eagraíonn sí clubanna leabhar do leanaí, tugann sí rochtain ar theicneolaíocht na faisnéise, spreagann sí féinfhollasú agus forbairt phearsanta le cois na ngnáthsheirbhísí eile a sholáthraíonn sí.
  • Tharla sé mar thoradh ar reifreann na bliana 1999 go n-aithnítear an Rialtas Áitiúil go dearfach anois agus go dtugtar tacaíocht dó sa cheapadh dlí is bunúsaí dá bhfuil againn – Bunreacht na hÉireann.