Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Ceisteanna Coitianta

Céard í an Inrochtaineacht?
Ciallaíonn áitreabh poiblí inrochtana gur féidir le gach uile dhuine dul isteach ann, na seirbhísí atá ann a úsáid, rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá ann agus imeacht as gan srian.

Ní bhaineann sé le míchumas fisiceach amháin mar sin?
Ní bhaineann. Tá feidhm ag an Acht um Míchumas 2005 maidir le soláthar áitreabh, seirbhísí agus faisnéis inrochtana ag comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear údaráis áitiúla.  Níor mhór go mbeadh rochtain ag daoine eile freisin, lena n-áirítear daoine a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta ag gabháil dóibh, agus na daoine siúd atá faoi mhíchumas intleachta nó daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, ar na saoráidí sin ach oiread leis na daoine atá faoi mhíchumas fisiceach.

Cén t-údar nárbh fholáir go mbeadh foirgnimh agus seirbhísí poiblí inrochtana?
De réir Dhaonáireamh na bliana 2002 tá breis is 8% den daonra (320,000 duine) faoi mhíchumas. De réir mar a bheidh an daonra ag dul in aois, méadóidh an figiúr sin sa todhchaí agus cuirfidh sé sin leis an ngá sochaí agus comhshaol inrochtana a bheith ann do chách. Tá ról tábhachtach ag foirgnimh, faisnéis agus seirbhísí inrochtana ó thaobh rannpháirtíocht chothrom na ndaoine siúd go léir a chónaíonn in Éirinn a chur chun cinn.

Céard iad na hoibleagáidí dlí atá san Acht um Míchumas ó thaobh foirgnimh phoiblí de?  
Tá oibleagáid dlí ar na comhlachtaí poiblí go léir, lena n-áirítear údaráis áitiúla, a bhfoirgnimh phoiblí a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, a mhéid is indéanta, faoin mbliain 2015. Ciallaíonn “foirgneamh poiblí” foirgneamh nó cuid d’fhoirgneamh a mbíonn rochtain ag daoine den phobal air i gcoitinne agus a áitíonn, a bhainistíonn nó a rialaíonn comhlacht poiblí.  Chuige sin is gá go n-athfheisteofaí foirgnimh phoiblí níos sine, neamh-inrochtana, lena n-áirítear foirgnimh ar léas seachas foirgnimh shealadacha ionas go gcomhlíonfaidh siad Cuid M de na Rialacháin Foirgníochta,  Más rud é go leasaítear Cuid M, beidh 10 mbliana ag comhlachtaí poiblí tar éis tosach feidhme an leasaithe chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh a bhfoirgnimh na forálacha.
Is féidir an tAcht um Míchumas a íoslódáil ón nasc seo a leanas: Nasc Íoslódála an Achta um Míchumas.

Céard iad na hoibleagáidí dlí atá san Acht um Míchumas ó thaobh seirbhísí poiblí inrochtana de?  
Tá oibleagáid dlí ar na comhlachtaí poiblí go léir, lena n-áirítear údaráis áitiúla, seirbhísí a sholáthar, más indéanta agus más cuí, ar bhealach inrochtana agus comhtháite agus cúnamh, de réir mar is cuí, a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas chun rochtain a fháil ar a seirbhísí. Tá de cheangal orthu chomh maith Oifigeach Rochtana a cheapadh chun tacú leis an ról seo. Tá Cód Cleachtais reachtúil arna chur i dtoll a chéile ag an Údarás Náisiúnta Míchumais i bhfeidhm agus meastar gurb ionann comhlíonadh an Chóid Chleachtais reachtúil agus comhlíonadh an ailt sin den Acht um Míchumas. Is féidir an Cód a íoslódáil ón nasc seo a leanas: Nasc Íoslódála an Chóid Chleachtais Reachtúil.

Céard iad na hoibleagáidí dlí atá san Acht um Míchumas ó thaobh earraí agus seirbhísí inrochtana de?  
Tá oibleagáid dlí ar na comhlachtaí poiblí go léir, lena n-áirítear údaráis áitiúla i gcás go mbeadh earraí agus seirbhísí á soláthar a chinntiú, más indéanta, go mbeidh siad inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Beidh feidhm ag eisceacht i gcás nach bhféadfaí an costas a chosaint de bharr go gcoinneofaí moill gan réasún ar na hearraí nó na seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine eile. Tá Cód Cleachtais reachtúil arna chur i dtoll a chéile ag an Údarás Náisiúnta Míchumais i bhfeidhm agus meastar gurb ionann comhlíonadh an Chóid Chleachtais reachtúil agus comhlíonadh an ailt sin den Acht um Míchumas. Is féidir an Cód a íoslódáil ón nasc seo a leanas: Nasc Íoslódála an Chóid Chleachtais Reachtúil.

Céard iad na hoibleagáidí dlí atá san Acht um Míchumas ó thaobh faisnéis inrochtana de? 
Tá oibleagáid dlí ar na comhlachtaí poiblí go léir, lena n-áirítear údaráis áitiúla, faisnéis a sholáthar san fhormáid arna hiarraidh ag duine le lagú éisteachta nó amhairc, a mhéid is indéanta, ar bhealach a fhreastalóidh ar a riachtanais. Tá oibleagáid ann chomh maith faisnéis a sholáthar, más indéanta, do dhaoine faoi mhíchumas intleachta i dteanga shoiléir arbh fhurasta dóibh í a thuiscint.  Ba chóir suímh ghréasáin agus cumarsáid leictreonach a bheith inrochtana do dhaoine le lagú amhairc. Tá Cód Cleachtais reachtúil arna chur i dtoll a chéile ag an Údarás Náisiúnta Míchumais i bhfeidhm agus meastar gurb ionann comhlíonadh an Chóid agus comhlíonadh an ailt sin den Acht. Is féidir an Cód a íoslódáil ón nasc seo a leanas: Nasc Íoslódála an Chóid Chleachtais Reachtúil.
Is dea-acmhainn maidir leis seo Treoirlínte na Comhairle ar ‘Rochtain do Chách ar Fhaisnéis’. Is féidir iad a aimsiú ag: Treoirlínte Rochtana na Comhairle.

Céard faoi inrochtaineacht spásanna poiblí?
Ceanglaítear le Plean Rannach na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, arna cheangal faoi Chuid 3 den Acht um Míchumas, go ndéanfaidh na húdaráis áitiúla go léir iniúchtaí inrochtaineachta ar a mbóithre, sráideanna, cosáin agus trasrianta coisithe, foirgnimh phoiblí, páirceanna poiblí, conláistí agus spásanna faoin aer, láithreáin oidhreachta, leabharlanna poiblí agus cuanta faoina rialú agus an gníomh leasúcháin is gá ionas go mbeidh siad inrochtana ag daoine faoi mhíchumas a aithint. Ceanglaítear ar údaráis áitiúla ansin Plean Forfheidhmithe a dhréachtú ina leagfaí amach clár (lena n-áirítear dátaí) chun na tiomantais agus na cuspóirí atá san Acht um Míchumas agus sa Phlean Rannach a fhorfheidhmiú.  Ní mór na hiniúchtaí inrochtaineachta a bheith curtha i gcrích faoi dheireadh Aibreán 2007 agus ní mór na Pleananna Forfheidhmithe a bheith dréachtaithe faoi dheireadh Iúil 2007.

Cé a dhéanann na hiniúchtaí rochtana d’údaráis áitiúla?
Cé gurb ann do líon áirithe gnólachtaí ailtireachta, seirbhísí comhairliúcháin mhíchumais agus seirbhísí eile a dhéanann iniúchtaí inrochtaineachta faoi láthair, níl clár d’iniúchóirí rochtana ar fáil in Éirinn. Is cóir d’údaráis áitiúla, a mhéid is is féidir é, iarracht a dhéanamh a gcumas intí féin a fhorbairt chun iniúchtaí rochtana a dhéanamh agus d’fhéadfadh gur ghá foireann chuí a chur faoi oiliúint chuige sin.  Níor chóir sainchomhairleoirí a fhostú ach amháin más rud é nach mbíonn saineolas intí den sórt ar fáil.  Más rud é gur gá sainchomhairleoirí a fhostú, bí ar d’airdeall agus faigh amach céard iad na cáilíochtaí agus an taithí atá ag an ngnólacht a dhéanfaidh an t-iniúchadh.  Bealach maith amháin chun é sin a dhéanamh is ea teagmháil a dhéanamh le húdaráis áitiúla eile arbh éigean dóibh an obair seo a ligean amach ar conradh.  Tá treoracha breise maidir leis an tsaincheist seo i gCreat-Treoir Dea-Chleachtais BSBRÁ.

Cén áit ar féidir liom faisnéis a fháil faoi chúrsaí oiliúna i gcomhair na n-iniúchóirí rochtana?  
Is féidir faisnéis faoi sholáthraithe cúrsaí oiliúna in iniúchadh rochtana a aimsiú ar an nasc seo a leanas: Clár Náisiúnta na Sainchomhairleoirí Rochtana.

Céard é ról an Oifigigh Rochtana in údaráis áitiúla?
De réir an Achta um Míchumas 2005, ceanglaítear ar na comhlachtaí poiblí go léir Oifigeach Rochtana a bheith iontu. Is é ról an Oifigigh Rochtana foráil nó socrú a dhéanamh agus comhordú a dhéanamh chun cúnamh agus treoir a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas chun rochtain a fháil ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Sheol An tÚdarás Náisiúnta Míchumais suirbhé i Meán Fómhair 2006 chun riachtanais na gcomhlachtaí poiblí i leith an róil nua seo a aithint. Tá an tÚdarás Náisiúnta Míchumais i mbun anailíse faoi láthair ar thorthaí an tsuirbhé agus ar an mbealach is fearr chun cinn a aithint.

Céard faoi ghearáin ón bpobal?
Ceanglaítear ar údaráis áitiúla faoin Acht um Míchumas Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh chun déileáil le gearáin ar bith a fhaightear i ndáil le hinrochtaineacht seirbhísí poiblí, áitribh phoiblí, faisnéise poiblí nó láithreáin oidhreachta, nó le mainneachtain earraí nó seirbhísí inrochtana a sholáthar.  Féadfaidh daoine aonair gearán den sórt a dhéanamh le ceann comhlachta phoiblí agus leis an Ombudsman ina dhiaidh sin.

Céard é Forógra Barcelona agus an bhfuil feidhm fós maidir leis?
Tacaíonn Forógra Barcelona le ceart comhionannas deiseanna daoine faoi mhíchumas agus aithnítear ann rannchuidiú daoine faoi mhíchumas sa tsochaí agus sa timpeallacht ina gcónaíonn siad. D’eascair an Forógra as an gComhdháil Eorpach ‘An Chathair agus Daoine faoi Mhíchumas’ a tionóladh in Barcelona sa bhliain 1995.
Ghlac gach uile údarás áitiúil in Éirinn le Forógra Barcelona agus tá feidhm fós leis an bhForógra. Mhaoinigh an Rialtas tionscadal idir 2002 agus 2004 chun tacú le forfheidhmiú an Fhorógra in údaráis áitiúla na hÉireann.  Chuir an tionscadal prionsabail an Fhorógra chun cinn trí fheasacht faoi mhíchumas a mhéadú i measc údaráis áitiúla na hÉireann agus trí chlár gníomhaíochtaí a sholáthar chun cuidiú le húdaráis áitiúla chun sochaí níos lánpháirtithe a chruthú lena n-áirítear an Teimpléad faoi Phromhadh Míchumais don rialtas áitiúil atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Náisiúnta Mhíchumais. Cuireann na ceanglais dlí faoi Chuid 2 agus faoi Chuid 3 den Acht um Míchumas leis an mbunchloch a leag an obair seo. Tá a thuilleadh faisnéise faoi Fhorógra Barcelona le fáil ach cliceáil ar an nasc seo: Tionscadal Barcelona.

Cén áit is féidir liom eolas a aimsiú faoi dhea-chleachtas in áiteanna eile?  
Foinse mhaith amháin is ea an Réadlann Eorpach ‘Cathracha do Chách’ ar a bhfuil samplaí dea-chleachtais i ndáil le míchumas agus le hinrochtaineacht i gcathracha agus i mbailte móra san Eoraip:  Samplaí de Dhea-Chleachtas Inrochtaineachta as an Réadlann Eorpach.

An ionann an sainmhíniú ar mhíchumas agus ar lagú a úsáidtear san Acht um Míchumas 2005 agus an sainmhíniú a úsáidtear sa reachtaíocht maidir le Comhionannas?  
Ní ionann. Luaitear sa sainmhíniú a úsáidtear san Acht um Míchumas 2005 mar seo a leanas: Ciallaíonn “míchumas” i ndáil le duine ‘a substantial restriction in the capacity of the person to carry on a profession, business or occupation in the State or to participate in social or cultural life in the State by reason of an enduring physical, sensory, mental health or intellectual impairment [srian substaintiúil i gcumas duine a bheith ag gabháil do ghairm, do ghnó nó do cheird sa Stát nó a bheith rannpháirteach i saol sóisialta nó cultúrtha an Stáit de bharr lagú seasmhach fisiceach, céadfach, meabhairshláinte nó intleachta]. Tá an sainmhíniú ar mhíchumas agus an t-eolas faoi mhíchumas arna sainmhíniú san Acht um Stádas Comhionann 2000-2004 ar fáil anseo: An tAcht um Stádas Comhionann 2000-2004.

Chuala mé go bhfuil 2 shainmhíniú ar mhíchumas san Acht um Míchumas. An fíor sin?
Is fíor go bhfuil 2 shainmhíniú san Acht: ceann don Mheasúnú Riachtanais i gCuid 2 agus ceann a bhfuil feidhm maidir leis sa chuid eile den Acht.

Céard é an sainmhíniú ar mhíchumas don Mheasúnú Riachtanais, mar sin?
Úsáidtear sainmhíniú beacht ar mhíchumas in Alt 2 den Acht um Míchumas ina bhforáiltear do chóras chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais seirbhís sláinte duine aonair agus, más cuí, riachtanais oideachais daoine faoi mhíchumas os cionn 18 bliain d’aois. Ceadaíonn an córas seo tras-atreorú chuig seirbhísí údaráis áitiúil amhail tithíocht, agus ráitis seirbhíse do dhaoine aonair maidir leis na seirbhísí sláinte, oideachais agus cúraim shóisialta a gheobhaidh siad.

Agus céard faoin sainmhíniú ar mhíchumas maidir leis an sprioc fostaíochta de dhaoine faoi mhíchumas sa tseirbhís phoiblí i gCuid 5 den Acht um Míchumas?
Tá feidhm ag an sainmhíniú san Acht um Míchumas maidir leis an sprioc fostaíochta sa tseirbhís phoiblí (Cuid 5 den Acht um Míchumas), 3% faoi láthair. Tharlódh sé nach sásódh baill foirne a chomhlíonann an sainmhíniú sa reachtaíocht ar Chomhionannas téarmaí an tsainmhínithe san Acht um Míchumas.  Is iad seo a leanas na príomhthéarmaí maidir leis seo:
  • Srian substaintiúil ó thaobh cumais de
  • Lagú seasmhach
  • Srian substaintiúil i gcumas an duine a bheith ag gabháil do ghairm, do ghnó nó do cheird
  • Srian substaintiúil i gcumas an duine a bheith rannpháirteach sa saol sóisialta nó cultúrtha. 
Cuardaigh LA-ACCESSIBILITY
An raibh a fhios agat seo?
  • Tharla sé mar thoradh ar reifreann na bliana 1999 go n-aithnítear an Rialtas Áitiúil go dearfach anois agus go dtugtar tacaíocht dó sa cheapadh dlí is bunúsaí dá bhfuil againn – Bunreacht na hÉireann.
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.