Is é Grúpa Comhairleach Comhpháirtíochta Náisiúnta na nÚdarás Áitiúil (LANPAG) an comhlacht comhpháirtíochta náisiúnta a dhéanann ionadaíocht thar ceann fhostóirí na n-údarás áitiúil agus thar ceann na gceardchumann.
Bunaíodh é sa bhliain 1999 chun forálacha na comhpháirtíochta san ionad oibre den chlár náisiúnta 1997, Comhpháirtíocht 2000 a réiteach. Sainmhínítear an eagraíocht LANPAG in Creat don Chomhpháirtíocht in Údaráis Áitiúla (Lúnasa 1999). Leagtar amach na struchtúir bhunúsacha atá mar bhonn ag an gcomhpháirtíocht san ionad oibre, déanamh na gcoistí áitiúla, na ngrúpaí oibre áitiúla agus an ghrúpa chomhairligh náisiúnta sa chreat-doiciméad seo.
Tá struchtúr comhpháirtíochta ina bhfuil coiste comhpháirtíochta, éascaitheoir comhpháirtíochta agus grúpaí oibre i ngach údarás áitiúil anois. Is é ról LANPAG gach údarás áitiúil a chomhordú, comhairle a chur orthu agus tacú leo chun na comhshocruithe comhpháirtíochta seo a fhorbairt.
Tá líon comhionann d’ainmnithe ón gcomhlacht fostóirí, ón mBord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus ó na ceardchumainn ar LANPAG. Tá comhchathaoirligh air a dhéanann ionadaíocht ar an mbainistíocht agus ar cheardchumainn. Ní grúpa lánaimseartha é seo – tá poist lánaimseartha sa rialtas áitiúil agus sna ceardchumainn ag na comhaltaí go léir. Buanchoiste is ea LANPAG a thionóltar sé huaire sa bhliain.
Riarann LANPAG maoiniú an Rialtais chomh maith don chomhpháirtíocht san ionad oibre in údaráis áitiúla. Úsáidtear an maoiniú seo chun tacú le héascaitheoirí na comhpháirtíochta san ionad oibre a fhostú, chun na daoine siúd go léir a bhíonn rannpháirteach i gcomhpháirtíocht san ionad oibre a chur faoi oiliúint agus chun cruinnithe faoi chomhpháirtíocht san ionad oibre a éascú. Bronnann sé maoiniú freisin ar thionscadail údaráis áitiúil a bhaineann le comhpháirtíocht san ionad oibre.
Áiríodh le gníomhaíochtaí LANPAG go dáta:
- Pleananna straitéiseacha ilbhliantúla a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú ar mhaithe leis an gcomhpháirtíocht a fhorbairt sa rialtas áitiúil
- Maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na struchtúr comhpháirtíochta i ngach údarás áitiúil
- Tacú le hoiliúint ar ardchaighdeán a chur ar fáil d’éascaitheoirí, do choistí comhpháirtíochta, do ghrúpaí oibre agus do chomhchathaoirligh na gcoistí comhpháirtíochta
- Measúnú a dhéanamh agus maoiniú a chur ar fáil do thionscadail a chuireann coistí comhpháirtíochta isteach
- Tionscadail náisiúnta amhail an Tionscnamh ‘Fill ar an Oideachas’ a chur chun cinn
- Ábhair agus treoirlínte faisnéise a fhoilsiú don bhainistíocht agus don fhoireann in údaráis áitiúla
- Athbhreithnithe tréimhsiúla seachtracha a choimisiúnú ar fhorás na comhpháirtíochta san earnáil rialtais áitiúil
- Líonraí náisiúnta a bhunú d’éascaitheoirí na comhpháirtíochta agus do chomhchathaoirligh agus seirbhísí a chur ar fáil dóibh
- Idirghabháil a dhéanamh más rud é go n-iarrtar amhlaidh chun éascaíocht agus idirghabháil sheachtrach a chur ar fáil i gcás go mbrisfeadh an próiseas comhpháirtíochta as a chéile ar fad nó go dtarraingeofaí siar ón bpróiseas comhpháirtíochta
- Oibriú le gníomhaireachtaí eile sa rialtas áitiúil amhail an Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Cumann na mBainisteoirí Cathrach agus Contae agus an Chomhchomhairle Náisiúnta chun comhpháirtíocht a chur chun cinn sa rialtas áitiúil
- Oibriú leis An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
- Oibriú leis An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
- Oibriú le gníomhaireachtaí náisiúnta eile amhail an tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta chun comhpháirtíocht san ionad oibre sa rialtas áitiúil a chur chun cinn
- Acmhainní a chur ar fáil chun éascaitheoirí lánaimseartha comhpháirtíochta a fhostú.