Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Eolas Fúinn

Grúpa náisiúnta de Chomhairleoirí agus d’Oifigigh Shábháilteachta na nÚdarás Áitiúil a chasann ar a chéile i líonraí agus a roinneann faisnéis chun dea-chleachtas ó thaobh Cleachtais Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa ag an Obair a fhorbairt san Earnáil is ea LASAG.

Is iad príomh-aidhmeanna LASAG:

 

  • Beartais agus Nósanna Imeachta Náisiúnta um Shábháilteacht a fhorbairt don Earnáil Údarás Áitiúil.
  • Forbairt agus forfheidhmiú an dea-chleachtais i sábháilteacht, i sláinte agus i leas a chur chun cinn agus tacú leo trí fhaisnéis, taithí agus saineolas a roinnt agus caighdeán na sláinte agus na sábháilteachta sna hÚdaráis Áitiúla go léir a mhéadú dá bharr.  
  • Cumarsáid éifeachtach, lena n-áirítear roinnt faisnéise, eolais, scileanna agus dea-chleachtais, a spreagadh agus a éascú.  
  • An úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ann cheana féin, amhail suíomh gréasáin LASAG, sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre a thabhairt chun cinn, agus cur chuige comhleanúnach bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar fheabhas leanúnach a chur chun cinn.
  • Comhpháirtíochtaí oibre agus/nó comhshocruithe oibre a fhorbairt agus a thabhairt chun cinn i gcomhar le grúpaí ábhartha eile i gcás go bhféadfadh siad cuidiú le ceann ar bith de na haidhmeanna thuas.

Cuardaigh LASAG
An raibh a fhios agat seo?
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.