Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Eolas Fúinn

 
Bunaíodh an Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil (BSBRÁ) faoin Ordú Bunaithe I.R. 410 de 1996 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1chd Eanáir 1997. Ba í An Roinn Comhshaoil a bhunaigh BSBRÁ. Go hachomair is é cuspóir BSBRÁ, arna leagan amach san Ordú Bunaithe, cibé seirbhísí, ar seirbhísí iad a éileoidh údaráis áitiúla, a sholáthar dóibh chun críocha idirbheartaíochtaí foirne, acmhainní daonna agus seirbhísí eile bainistíochta den sórt.  Bhí de dheis leis an sainchúram nua seo cur le gníomhaíochtaí BSBRÁ seachas mar a bhíodh faoin bhfeidhm thraidisiúnta chaidrimh thionsclaíoch a bhíodh ag an iarBhord Comhchaibidlí Foirne Rialtais Áitiúil. Ceapadh Seaghan Ó Lanagáin, Uasal, ina chéad phríomh-oifigeach feidhmiúcháin ar an mBSBRÁ agus is é atá fós sa phost sin sa lá atá inniu ann.

 

 

An Misean atá againn
Cuireann BSBRÁ a fhís i gcrích trí bhíthin na nithe seo a leanas:
                             
  • Raon de sheirbhísí acmhainní daonna, caidrimh thionsclaíoch agus de sheirbhísí bainistíochta a sholáthar d’údaráis áitiúla.
  •  A bheith ina fhoinse dea-chleachtais, taighde, saineolais agus comhairle maidir le saincheisteanna a bhaineann le hAcmhainní Daonna, Caidreamh Tionsclaíoch agus seirbhísí bainistíochta.
  • Tionchar a imirt ar fhorbairt an chumais Acmhainní Daonna agus bainistíochta daoine in údaráis áitiúla agus tacú léi.
  • A bheith sa stiúir ó thaobh an earnáil a fhorbairt trí thaighde náisiúnta a dhéanamh agus a fhoilsiú agus trí bheartas ar shaincheisteanna a dhéanann difear don earnáil a chur i dtoll a chéile.  
  • An caidreamh le príomhpháirtithe leasmhara a threisiú go náisiúnta agus go háitiúil.

 

Na Luachanna atá againn
Agus ár misean á chur i gcrích againn, tá an BSBRÁ tiomanta do na caighdeáin is airde a shásamh ó thaobh a bheith ag déileáil lena pháirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear foireann BSBRÁ.  Áirítear iad seo a leanas ar na príomhluachanna atá againn:

  • A bheith ionraic agus stuama sna déileálacha a bhíonn againn leis na baill foirne agus na páirtithe leasmhara go léir.
  • Prionsabail na comhpháirtíochta a chur chun cinn mar chur chuige tosaíochta chun athrú a chur i gcrích.
  • Fiúntas a leagan ar thuairimí éagsúla agus cumas na ndaoine aonair go léir a fhorbairt chun an rannchuidiú is fearr is féidir a fháil uathu.
  • A bheith mórtasach as an obair a dhéanaimid.
  • Caitheamh go gairmiúil le gach ní a dhéanaimid.
  • Freastal ar údaráis áitiúla ar bhealach pras gairmiúil.  


An Fhís atá againn
Is í fís BSBRÁ tacú le agus tionchar a bheith aige ar fhorbairt na n-údarás áitiúil ionas gur eagraíochtaí oibre ardfheidhmíochta iad  a fhreastalaíonn ar riachtanais a bpáirtithe leasmhara go léir.  
Cuardaigh LGMSB HOME
An raibh a fhios agat seo?
  • Tá 1627 de chomhaltaí rialtais áitiúil ann a toghadh go díreach.
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.
  • Is ann do 118 údarás áitiúil.