Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Eolas Fúinn

Príomhghné d’obair OLAM is ea a chinntiú go gcuirtear meon chóras na n-údarás áitiúil, arna chur in iúl ag an CCMA agus ag a struchtúir choiste, faoi bhráid na Rann agus na nGníomhaireachtaí ábhartha.  Déantar sin ar bhonn pleanáilte agus ar bhonn sofhreagrach le linn na bliana, agus áirítear leis an t-ionchur ó chleachtóirí na n-údarás áitiúil i gcomhcheangal le hacmhainn taighde OLAM.


Déantar é ar líon bealaí éagsúla:

  • Trí aighneachtaí agus dearcpháipéir;  
  • Trí idirchaidreamh díreach le státseirbhísigh shinsearacha agus le hAirí;
  • Trí dheiseanna a aithint ar mhaithe le cumarsáid níos leithne;
  • Trí phreaseisiúintí ar shaincheisteanna ábhartha;
  • Trí ábhar fíorasach faoi údaráis áitiúla a chur i dtoll a chéile agus a scaipeadh;  
  • Trí Tháscairí Seirbhíse bliantúla i dTuarascálacha na nÚdarás Áitiúil.


Is é Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA) comhlacht ionadaíoch na mBainisteoirí sinsearacha i Rialtas Áitiúil na hÉireann.  Tionóltar an Cumann go hócáideach chun cásanna imní comónta a phlé agus cur chuige comhtháite ón gcóras údaráis áitiúil a chur chun cinn maidir le saincheisteanna ábhartha agus tábhachtacha lena n-áirítear dea-chleachtas a fhorbairt, reachtaíocht a fhorfheidhmiú agus saincheisteanna ginearálta oibriúcháin.  Cuireann an CCMA an seasamh i láthair, labhraíonn siad thar ceann na mBainisteoirí agus feidhmíonn siad trí líon áirithe coistí agus baineann gach ceann de na coistí sin le réimse sonrach beartais.

 

Is iad seo a leanas na Coistí:

  • Forbairt Pobail, Shóisialta agus Eacnamaíoch;
  • An Comhshaol;
  •  Airgeadas Rialtais Áitiúil;
  •  Tithíocht;
  • Seirbhísí Uisce;
  •  Úsáid Talún agus Iompar.


Cuireann Cathaoirleach gach ceann de na Coistí seo tuairisc faoi bhráid CCMA. Téann na coistí seo i gcomhairle chomh maith le ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha rialtais ar bhonn struchtúrtha.  Tá an CCMA féin cleamhnaithe le go leor comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus déantar ionadaíocht thar a cheann ar na comhlachtaí sin.

Cuardaigh OLAM
An raibh a fhios agat seo?
  • Tharla sé mar thoradh ar reifreann na bliana 1999 go n-aithnítear an Rialtas Áitiúil go dearfach anois agus go dtugtar tacaíocht dó sa cheapadh dlí is bunúsaí dá bhfuil againn – Bunreacht na hÉireann.
  • Bíonn an-bhaint ag údaráis áitiúla le beartais chultúrtha agus le bainistíocht ar fud na tíre agus oibríonn siad go dlúth le gníomhaireachtaí lárnacha ar nós na Comhairle Ealaíon, fostaíonn siad Oifigigh Ealaíon go lánaimseartha agus foilsíonn siad straitéisí go rialta.
  • Bíonn an-bhaint ag údaráis áitiúla le beartais chultúrtha agus le bainistíocht ar fud na tíre agus oibríonn siad go dlúth le gníomhaireachtaí lárnacha ar nós na Comhairle Ealaíon, fostaíonn siad Oifigigh Ealaíon go lánaimseartha agus foilsíonn siad straitéisí go rialta. .