Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Failte

LANPAG

Tacaíonn Grúpa Comhairleach Comhpháirtíochta Náisiúnta na nÚdarás Áitiúil (LANPAG) le forfheidhmiú na comhpháirtíochta san ionad oibre san earnáil rialtais áitiúil in Éirinn.  

Is í sprioc fhoriomlán na comhpháirtíochta san ionad oibre próiseas oscailte agus comhoibritheach lena mbainfeadh comhairliúchán agus rannpháirtíocht a chur in ionad an chur chuige achrannaigh i leith an athruithe.  Is í an aidhm torthaí dearfacha a bheith ann do na daoine siúd go léir lena mbaineann:  an bhainistíocht, na fostaithe, na ceardchumainn agus an pobal a úsáideann seirbhísí na n-údarás áitiúil.

Is é cuspóir an tsuímh ghréasáin seo faisnéis a chur ar fáil do bhaill foirne na n-údarás áitiúil agus don phobal i gcoitinne faoi fhorbairt leanúnach na comhpháirtíochta san ionad oibre i ngach údarás áitiúil.

Tá ionduchtúchán gairid ar ról LANPAG i gcomhpháirtíocht na n-údarás áitiúil san ionad oibre le léamh ar an leathanach Eolas Fúinn.

Is stór é an leathanach Doiciméid atá ar an suíomh gréasáin ina bhfuil teacht ar na tuarascálacha, na hathbhreithnithe agus na foilseacháin is tábhachtaí de chuid na comhpháirtíochta agus de chuid LANPAG.  Is féidir cóipeanna crua den chuid is mó de na doiciméid seo a fháil chomh maith ach iad a iarraidh ar LANPAG.

Tugtar breac-chuntas sa leathanach Tionscadail Chomhpháirtíochta ar shonraí de na tionscadail chomhpháirtíochta atá bunaithe go náisiúnta agus go háitiúil agus lena dtacaíonn LANPAG. Ritear tionscadail chomhpháirtíochta i ngach ceann de na 34 údarás áitiúil in Éirinn, agus cuirfear síos sa mhír seo ar roinnt de na tionscadail is nuálaí agus is fiúntaí.

Tugtar liosta de na príomhchruinnithe agus de na príomhimeachtaí a bheidh ag an gcomhpháirtíocht an bhliain seo chugainn ar an leathanach Dialann. 

I gcás go mbeadh ceist ar bith agat faoi fhaisnéis ar bith atá ar an suíomh, LANPAG, nó faoi chomhpháirtíocht san ionad oibre in údaráis áitiúla, téigh isteach le do thoil ar an leathanach Déan Teagmháil Linn chun sonraí a fháil faoi conas teagmháil a dhéanamh le baill riaracháin LANPAG nó le héascaitheoirí comhpháirtíochta na n-údarás áitiúil.

Ar deireadh, treoróidh an leathanach Naisc tú chuig suímh ghréasáin úsáideacha eile a bhaineann le húdaráis áitiúla agus le comhpháirtíocht san ionad oibre.
 

 

 

 

 
Cuardaigh LANPAG
An raibh a fhios agat seo?
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.
  • Tharla sé mar thoradh ar reifreann na bliana 1999 go n-aithnítear an Rialtas Áitiúil go dearfach anois agus go dtugtar tacaíocht dó sa cheapadh dlí is bunúsaí dá bhfuil againn – Bunreacht na hÉireann.