Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

LASAG

Eolas

 
Is iomaí cúlra éagsúil ag comhaltaí LASAG ag a mbíonn ról sábháilteachta lánaimseartha nó páirtaimseartha. Tá líon méadaitheach de na comhaltaí, agus tá an líon sin ag dul i méid i gcónaí, ag a bhfuil cáilíochtaí gairmiúla sláinte agus sábháilteachta agus tá siadsan tiomanta go hiomlán don tsláinte agus don tsábháilteacht.

Gníomhaíonn Buíon Chomhairleach um Shábháilteacht na nÚdarás Áitiúil (LASAG) mar acmhainn lárnach chun faisnéis agus taithí a roinnt le Comhairleoirí Sábháilteachta agus Oifigigh Shábháilteachta i gComhairlí Cathrach agus Contae.
 
Bunaíodh LASAG i Meitheamh na bliana 1998 agus d’aithin Cumann na mBainisteoirí Cathrach agus Contae é go foirmiúil i nDeireadh Fómhair na bliana sin. Is féidir leis na Comhairleoirí / Oifigigh Shábháilteachta go léir as na húdaráis áitiúla agus ionadaithe as Comhar-Árachais Comhairlí Éireann Teoranta, as an mBord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil agus as an mBord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil a bheith ina gcomhaltaí den Bhuíon.

Is í príomhaidhm na Buíne gníomhú mar acmhainn lárnach agus faisnéis, smaointe agus taithí a roinnt.

 

 
 

 

 

 

Cuardaigh LASAG
An raibh a fhios agat seo?
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.