Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Inrochtaineacht ar Údaráis Áitiúla

Fáilte chuig an suíomh gréasáin ar Dhea-Chleachtas ó thaobh Inrochtaineachta ar údaráis áitiúla na hÉireann.

Is í aidhm an tsuímh seo an acmhainn in údaráis áitiúla a fhorbairt chun an Straitéis Náisiúnta Míchumais a fhorfheidhmiú. Déanfar amhlaidh ar dhá phríomhbhealach. Ar dtús, taispeántar dea-chleachtas ó thaobh inrochtaineachta de in údaráis áitiúla ar an leathanach atá againn ar dhea-chleachtais inrochtaineachta ionas gur féidir le húdaráis áitiúla foghlaim óna chéile faoin tslí ab éasca chun dul isteach ina bhfoirgnimh, agus chun teacht ar na seirbhísí agus ar an bhfaisnéis a bhíonn ar fáil uathu.  Ar an dara dul síos, tugtar freagraí praiticiúla ar cheisteanna, nach mbaineann le hinrochtaineacht amháin ach a bhíonn ábhartha d’údaráis áitiúla sa mhír, Ceisteanna Coitianta.

D’fhoilsigh An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, ach oiread le líon áirithe de Ranna Rialtais eile, a bPlean Rannach i mí na Nollag 2006. Comhpháirt lárnach is ea an Plean Rannach den Straitéis Náisiúnta Míchumais ina leagtar líon áirithe oibleagáidí ar údaráis áitiúla agus folaítear príomh-spriocdhátaí inrochtaineachta le roinnt díobh.
Cuardaigh LA-ACCESSIBILITY
An raibh a fhios agat seo?
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.
  • Tharla sé mar thoradh ar reifreann na bliana 1999 go n-aithnítear an Rialtas Áitiúil go dearfach anois agus go dtugtar tacaíocht dó sa cheapadh dlí is bunúsaí dá bhfuil againn – Bunreacht na hÉireann.