Rannóg den Bhord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil is ea an Oifig um Bainistíocht Údarás Áitiúil (OLAM). Chuir Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach roimhe féin, le tacaíocht ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an Oifig a bhunú sa bhliain 2004.
Tá líon áirithe feidhmeanna ag an Oifig um Bainistíocht Údarás Áitiúil:
- Soláthraíonn an oifig anailís agus taighde ar ghnéithe den rialtas áitiúil
- Léiríonn sí dearcadh an chórais údaráis áitiúil don saol taobh amuigh - do na meáin agus do pháirtithe leasmhara eile
- Soláthraíonn sí eolas faoi obair na n-údarás áitiúil amhail tuarascálacha, bileoga fíoras, preaseisiúintí agus DVD
- Cuireann sí tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar fheidhmíocht na n-údarás áitiúil maidir le 42 Táscaire Seirbhíse
- Téann sí i gcomhairle le heagraíochtaí ábhartha eile mar shampla An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, cumainn ionadaíocha eile rialtais áitiúil, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, Cumann Tráchtála na hÉireann, Oifig an Ombudsman agus araile.
- Is ise ceanncheathrú Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach agus cuireann sí tacaíocht ar fáil do choistí an Chumainn sin.