Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Oiliúint agus Forbairt

Is cuid de rannóg na n-acmhainní daonna an oiliúint agus an fhorbairt. Tugann an rannóg treoir, comhairle agus tacaíocht d’údaráis áitiúla maidir le conas aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais oiliúna agus forbartha a bhfostaithe ar mhaithe le spriocanna oibriúcháin na todhchaí a chomhlíonadh.

Gníomhaíonn an BSBRÁ thar ceann na n-údarás áitiúil agus faoi threoir na gcoistí Stiúrtha Náisiúnta Oiliúna agus Forbartha chun freagraí a bhaineann leis an earnáil go léir ar riachtanais aitheanta oiliúna agus forbartha foirne a chomhordú.  Téitear i mbun na ngníomhaíochtaí seo chun dea-chleachtas a chur chun cinn agus barainneachtaí scála a bhaint amach do na húdaráis áitiúla go léir.
 
Tacaíonn Feidhmeannaigh Oiliúna agus Forbartha ar an mBord féin chomh maith le líon áirithe de líonraí earnála amhail líonraí na n-oifigeach um Shaoráil Faisnéise; oifigigh Rochtana, Comhairleoirí Sábháilteachta, agus araile agus iarracht á déanamh acu dea-chleachtas sna húdaráis áitiúla a chur chun cinn agus a scaipeadh.
Cuardaigh LGMSB HOME
An raibh a fhios agat seo?
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.
  • Ba le gairid a cuireadh Forbairt na nEalaíon ar an liosta de na tionscnaimh bheartais atá ag údaráis áitiúla.
  • Is ann do 118 údarás áitiúil.