Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Ordú Bunaithe

Bunaíodh an Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil (BSBRÁ) faoin Ordú Bunaithe I.R. 410 de 1996 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1chd Eanáir 1997. Ba í An Roinn Comhshaoil a bhunaigh BSBRÁ.

Bunaíodh an BSBRÁ, faoin Ordú Bunaithe;

Seirbhísí a sholáthar d’údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí eile den sórt, a d’fhéadfadh a bheith ainmnithe ó am go ham de bhun alt 3 (2) den Acht-

(1) ar seirbhísí iad a éileoidh siad, chun críocha idirbheartaíochtaí foirne, lena n-áirítear imeachtaí faoi scéim ar bith idir-réitigh agus eadrána agus imeachtaí na Cúirte Oibreachais, agus

(2)  seirbhísí bainistíochta eile den sórt, ar seirbhísí iad a éileoidh siad, agus

(3) seirbhísí a sholáthar do bhainisteoirí ar seirbhísí iad amhail cruinnithe bainisteoirí agus seirbhísí tacaíochta eile den sórt a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham, agus ar seirbhísí iad is féidir leis an mBord a sholáthar taobh istigh de theorainneacha na ranníocaíochtaí airgeadais arna ndéanamh ag na comhairlí contae agus bardais chontaebhuirge uile leis an mBord faoi airteagal 5(20) (b) chun seirbhísí a sholáthar faoin mír seo.

Go hachomair is é cuspóir BSBRÁ, arna leagan amach san Ordú Bunaithe, cibé seirbhísí, ar seirbhísí iad a éileoidh siad, a sholáthar d’údaráis áitiúla chun críocha idirbheartaíochtaí foirne, acmhainní daonna agus seirbhísí eile bainistíochta den sórt.  Bhí de dheis leis an sainchúram nua seo cur le gníomhaíochtaí BSBRÁ seachas mar a bhíodh faoin bhfeidhm thraidisiúnta chaidrimh thionsclaíoch a bhíodh ag an iarBhord Comhchaibidlí Foirne Rialtais Áitiúil.

Tá an tOrdú Bunaithe le fáil ach cliceáil anseo.
Cuardaigh LGMSB HOME
An raibh a fhios agat seo?
  • Ba le gairid a cuireadh Forbairt na nEalaíon ar an liosta de na tionscnaimh bheartais atá ag údaráis áitiúla.
  • Is é Tollán Sheán Ó Loinsigh, i gCorcaigh an chéad tollán bóthair faoi abhainn in Éirinn agus ba í seo an chéad uair ar baineadh úsáid as an teicneolaíocht tolláin bháite in Éirinn.
  • Cuireann an leabharlann phoiblí staidéir áitiúla chun cinn, eagraíonn sí léachtaí agus taispeántais, eagraíonn sí clubanna leabhar do leanaí, tugann sí rochtain ar theicneolaíocht na faisnéise, spreagann sí féinfhollasú agus forbairt phearsanta le cois na ngnáthsheirbhísí eile a sholáthraíonn sí.