Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

An Grúpa um Fhíorú Feidhmíochta

Failte

Bunaíodh An Grúpa um Fhíorú Feidhmíochta sna húdaráis áitiúla go príomha chun moltaí a dhéanamh ar cibé an raibh nó nach raibh údar ann na harduithe a bhí dlite faoi ‘Dul Chun Cinn a Inbhuanú – An Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta 2003-2005’ (féach mír 26) a íoc bunaithe ar an bhfeidhmíocht leanúnach a baineadh amach i gcoinne na gcritéar arna leagan amach sa Chomhaontú sin. 

B’ionann an scála ama sin (2003- 2006) agus an chéad bhabhta de ghníomhaíocht an Ghrúpa um Fhíorú Feidhmíochta in údaráis áitiúla. 

Tugadh sainchúram an Ghrúpa um Fhíorú Feidhmíochta, ar tugadh breac-chuntas beacht air sa Chomhaontú ‘Dul Chun Cinn a Inbhuanú’, ar aghaidh isteach ‘I dTreo 2016 – Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta Deich mBliana 2006-2015’ (léigh Mír 33). D’fheidhmigh An Grúpa um Fhíorú Feidhmíochta sna húdaráis áitiúla maidir le téarmaí an chomhaontaithe sin sa bhliain 2007 agus 2008, agus b’ionann sin agus an dara tréimhse d’idirghabháil an Ghrúpa um Fhíorú Feidhmíochta. 

Ba é sainchúram lárnach an Ghrúpa um Fhíorú Feidhmíochta sa dá thréimhse gur fíoraíodh na torthaí arna n-aontú ag na comhpháirtithe ábhartha san earnáil rialtais áitiúil.  Baineann na torthaí seo le nuachóiriú na seirbhíse poiblí agus go sonrach le caighdeán soláthair sheirbhíse agus luach ar airgead níos fearr a dhaingniú don earnáil údaráis áitiúil.  Dhaingnigh fíorú sásúil na dtorthaí seo na dámhachtainí sainithe pá de réir an Chomhaontaithe ábhartha Náisiúnta.

Maidir leis an earnáil rialtais áitiúil, bhí beirt ainmní ón mbainistíocht, beirt ainmní ó na ceardchumainn, agus beirt chomhalta neamhspleácha agus cathaoirleach neamhspleách tríú páirtí eile ar an nGrúpa um Fhíorú Feidhmíochta. Glacadh go forleathan leis an nGrúpa um Fhíorú Feidhmíochta a bhuíochas sin as an gcomhdhéanamh ionadaíoch a bhí air agus ba é macasamhail chomhdhéanamh na ngrúpaí a raibh sé i dteagmháil leo an struchtúr ‘comhpháirtíochta’ a bhí faoi. Thug an Grúpa um Fhíorú Feidhmíochta sa rialtas áitiúil cuairt ar gach údarás áitiúil faoi dhó le linn an dá thréimhse ghníomhaíochta (2003 - 2006 agus 2007 & 2008). 

Is féidir achoimre a thabhairt ar fhormáid oibriúcháin an Ghrúpa um Fhíorú Feidhmíochta leis na bearta seo a leanas:


  • Aontaíodh tosaíochtaí le Grúpa Comhairleach Comhpháirtíochta Náisiúnta na nÚdarás Áitiúil (LANPAG) agus ceapadh teimpléad do na tuairisceáin.
  • D’eisigh LANPAG doiciméadú ábhartha ar údaráis áitiúla.
  • D’aontaigh An Grúpa um Fhíorú Feidhmíochta ar chineál agus ar struchtúr na gcuairteanna ar na láithreacha.
  • Scrúdaíodh na tuairisceáin a tháinig ó na húdaráis.
  • Thug dhá fhoireann ionadaíocha cuairt ar láithreacha.
  • Chuathas i dteagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
  • Chuathas i dteagmháil le Grúpaí eile um Fhíorú Feidhmíochta.
  • Tugadh freagra ar mholtaí a tháinig ón Ard-Rúnaí.
  • Rinneadh moltaí ar bith ba ghá agus seoladh iad sin chuig údaráis a raibh deacracht acu.
     
Ba iad na húdaráis aonair ar deireadh thiar a chinn comhdhéanamh na ngrúpaí as an údarás áitiúil a chas leis an nGrúpa um Fhíorú Feidhmíochta ach mheas An Grúpa um Fhíorú Feidhmíochta gur ghá ‘ionadaíocht’ chuí. Tríd is tríd, mar thoradh air sin, bhí ionadaíocht leathan de ghráid i láthair ag gach seisiún agus ba léir an t-éiteas láidir ‘comhpháirtíochta’ i gcomhdhéanamh na ngrúpaí agus i seoladh na gcruinnithe le foireann An Ghrúpa um Fhíorú Feidhmíochta araon.

Ba léir feabhas ar fheidhmíocht i réimsí earnála amhail:


  • Forbairt agus cur i bhfeidhm teicneolaíochta nua
  • Seirbhís níos fearr do chustaiméirí mar gur baineadh úsáid shamhlaíoch as an teicneolaíocht agus mar go raibh sé níos éasca teacht ar bhaill foirne na n-údarás agus go raibh siadsan cairdiúil le custaiméirí
  • Soláthar seirbhíse níos fearr do ghrúpaí faoi mhíchumas agus do ghrúpaí ar an imeall
  • Uaireanta oscailte níos faide agus níos solúbtha do raon agus d’éagsúlacht seirbhísí lena n-áirítear mótarcháin, an leabharlann agus pleanáil
  • Seirbhísí bainistíochta dramhaíola ar fáil níos forleithne
  • Freagraí níos tapúla ar aighneachtaí ábhartha i scríbhinn ó shaoránaigh
  • Comhshocruithe oibre solúbtha
  • Thacaigh forbairtí inmheánacha suntasacha lena n-áirítear na forbairtí seo a leanas le gnóthachtálacha inláimhsithe den sórt:
  • Úsáid nuálach an phróisis chomhpháirtíochta
  • Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta a thosú ar bhonn píolótach agus a fhorbairt  
  • Soláthar oiliúna agus forbartha níos fearr lenar folaíodh agus inar cuireadh leis na deiseanna gairme a bhí ar fáil don fhoireann go léir lena n-áirítear oibrithe allamuigh

Cuireadh téarma gníomhaíochta an Ghrúpa um Fhíorú Feidhmíochta i gcrích i mí Iúil 2008. Tá An Grúpa um Fhíorú Feidhmíochta ar fuireachas faoi láthair agus ag feitheamh téarma úr gníomhaíochta a thúisce is a cheadóidh forbairtí agus cinntí seachtracha An Grúpa um Fhíorú Feidhmíochta a thabhairt le chéile an athuair. 

Gheobhaidh tú seicliosta, tuarascáil agus litir thionlacain do gach údarás áitiúil do na tréimhsí 1chd Meitheamh 2007 – 29ú Feabhra 2008 agus 1chd Márta – 31ú Lúnasa 2008 ar an leathanach, Doiciméid, den suíomh gréasáin seo. Tá sé beartaithe taifid chríochnúla a chur leis an suíomh sna míonna seo chugainn chun tréimhse iomlán ghníomhaíochta An Ghrúpa um Fhíorú Feidhmíochta sa rialtas áitiúil a chlúdach.

Is féidir an dá phríomhthuarascáil a d’eisigh An Grúpa um Fhíorú Feidhmíochta sa rialtas áitiúil, Tuairimí faoin bPróiseas um Fhíorú Feidhmíochta sa Rialtas Áitiúil 2003-2006 (Meán Fómhair 2006) agus an Próiseas Um Fhíorú Feidhmíochta sa Rialtas Áitiúil 2007-2008 – tuarascáil achomair ón nGrúpa um Fhíorú Feidhmíochta ar Thorthaí agus ar Shaincheisteanna a Ardaíodh – (Meitheamh 2009) a fháil chomh maith lena n-íoslódáil ón leathanach, Doiciméid. 

Is é atá de chuspóir le tuarascálacha den sórt léargas a thabhairt don phobal i gcoitinne ar a dtarlaíonn i ndáiríre i bpróiseas An Ghrúpa um Fhíorú Feidhmíochta sa rialtas áitiúil agus níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, machnamh a dhéanamh ar thorthaí agus ar impleachtaí na hoibre chomh maith. 

Más mian leat cuntas iomlán a fháil ar théarmaí struchtúr an phróisis um fhíorú feidhmíochta tá sin le fáil sna Comhaontuithe Náisiúnta faoi seach:

  • ‘Dul Chun Cinn a Inbhuanú – An Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta 2003-2005’ (Mír 26)
  • ‘I dTreo 2016 - Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta Deich mBliana 2006-2015’ (Mír 33)
  • Is féidir na comhaontuithe seo a íoslódáil go hiomlán ó www.taoiseach.gov.ie   
Cuardaigh PVG
An raibh a fhios agat seo?
  • Is ann do 118 údarás áitiúil.
  • Sular tugadh isteach an Local Government (Ireland) Act 1898 níor bhain daonlathas le riarachán cúrsaí áitiúla agus bhí siad gan ord gan eagar mar go ndéantaí cinntí beartais i bhfad ó bhaile i Londain agus gurbh ar leas na dtiarnaí talún den chuid ba mhó a dhéantaí sin.