Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Róil & Cuspóirí

Leagtar an mhír seo den suíomh amach den chuid is mó d’Oifigigh Forbartha Gaeilge (Ghníomhacha) agus do na daoine siúd a chabhraíonn le forfheidhmiú na scéimeanna Gaeilge in údaráis áitiúla. 
 
Is é cuspóir na míre seo a bheith ina hionad stórála faisnéise ina soláthrófaí raon iomlán d’fhaisnéis úsáideach agus ina bhfaighfí naisc chuig suímh úsáideacha. 
Cuardaigh LGMSB HOME
An raibh a fhios agat seo?
  • Is é Tollán Sheán Ó Loinsigh, i gCorcaigh an chéad tollán bóthair faoi abhainn in Éirinn agus ba í seo an chéad uair ar baineadh úsáid as an teicneolaíocht tolláin bháite in Éirinn.
  • Bíonn an-bhaint ag údaráis áitiúla le beartais chultúrtha agus le bainistíocht ar fud na tíre agus oibríonn siad go dlúth le gníomhaireachtaí lárnacha ar nós na Comhairle Ealaíon, fostaíonn siad Oifigigh Ealaíon go lánaimseartha agus foilsíonn siad straitéisí go rialta.
  • Ón mbliain 2000 i leith d’oibrigh an rialtas áitiúil agus na gníomhaireachtaí forbartha áitiúla as láimh a chéile faoi scáth an rialtais áitiúil agus is iad atá freagrach as straitéisí a mholadh agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis an bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha i ngach aon chontae.