Bunaíodh an Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil sa bhliain 1997 mar ionad barr foirfeachta ó thaobh seirbhísí bainistíochta a sholáthar agus tacaíocht agus comhairle ar acmhainní daonna agus ar chaidreamh poiblí a chur ar fáil d’údaráis áitiúla in Éirinn.
Tá 34 duine fostaithe ag BSBRÁ sa lá atá inniu ann agus is ar Ché Uiséir atá a oifig nua úrscothach toiscdhéanta lonnaithe. Tá ceithre rannóg sa BSBRÁ; seirbhísí corparáideacha, acmhainní daonna, caidreamh tionsclaíoch agus OLAM. Tá taithí mhór ó bheith in eagraíochtaí poiblí, príobháideacha agus fo-stáit ag na bainisteoirí atá i mBSBRÁ agus is saineolaithe iad sna réimsí seo: bainistíocht, acmhainní daonna, caidreamh tionsclaíoch, sláinte agus sábháilteacht agus oiliúint agus forbairt. Tá foireann speisialaithe riaracháin agus tacaíochta ann chomh maith. Tá clú agus cáil ar an mBSBRÁ san earnáil rialtais áitiúil agus breathnaítear air mar ionad barr foirfeachta i réimse na n-acmhainní daonna, an chaidrimh thionsclaíoch agus na seirbhísí bainistíochta.
Cuireadh go suntasach le blianta beaga anuas leis an raon seirbhísí tacaíochta a sholáthraíonn BSBRÁ. Tharla sin tríd is tríd mar gheall ar cheanglais bhreise na reachtaíochta nua náisiúnta agus Eorpaí, ceanglais an rialtais agus an gá atá le dea-chleachtas a fhorfheidhmiú.
Feidhmeanna Rannóige sa BSBRÁ:
1. An Rannóg Acmhainní Daonna
Is í an rannóg acmhainní daonna a dhéanann taighde agus forbairt ar straitéisí agus ar bheartais acmhainní daonna chun tacú le húdaráis áitiúla chun a gceanglais soláthair sheirbhíse a chomhlíonadh. Tugtar treoir, comhairle agus tacaíocht d’údaráis áitiúla maidir le conas aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais oiliúna agus forbartha a bhfostaithe ar mhaithe le spriocanna oibriúcháin na todhchaí a chomhlíonadh. Tugtar raon leathan de chomhairle agus de thacaíocht chomh maith ar shaincheisteanna reachtaíochta agus acmhainní daonna i réimsí cosúil le comhionannas deiseanna, ilchineálacht agus míchumas. Soláthraíonn siad comhairle, faisnéis agus treoir bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta chun cabhrú le húdaráis áitiúla chun an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 a chomhlíonadh. Tacaíonn agus déanann an rannóg seo maoirseacht agus athbhreithniú ar fhorfheidhmiú an chláir nuachóirithe i gcomhpháirtíocht trí bhíthin an Fhóraim Chomhpháirtigh Bhainistíochta / Ceardchumainn, Grúpa Comhairleach Comhpháirtíochta Náisiúnta na nÚdarás Áitiúil (LANPAG). Éascaíonn siad obair iliomad líonraí in earnáil an údaráis áitiúil.
2. An Rannóg Caidrimh Thionsclaíoch
Cabhraíonn an rannóg caidrimh thionsclaíoch le taighde, ullmhú agus seoladh idirbheartaíochtaí agus pléití le ceardchumainn agus cumainn foirne. Éascaíonn siad oibriúchán éifeachtach fhóram na Comhairle Náisiúnta Údarás Áitiúil (LANC) ó thaobh na n-éileamh caidrimh thionsclaíoch go léir lena mbaineann impleachtaí náisiúnta a phróiseáil. Tá ról lárnach acu ó thaobh soláthar fhorálacha I dTreo 2016 (leanúint de sholáthar an chláir nuachóirithe, caidreamh cobhsaí tionsclaíoch a chothabháil agus gnéithe an phá den chomhaontú a chomhlíonadh) a chinntiú. Feidhm lárnach is ea ionadaíocht ghairmiúil a dhéanamh thar ceann na n-údarás áitiúil ag imeachtaí tríú páirtí lena n-áirítear An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais (LRC), éisteacht an choimisinéara um chearta, an binse achomhairc fostaíochta agus an chúirt oibreachais. Soláthraíonn siad faisnéis, anailís agus treoir d’údaráis áitiúla chomh maith maidir le cearta fostaíochta agus maidir le sonraí faoi reachtaíocht nua agus reachtaíocht leasaithe.
3. Rannóg OLAM
Aithníonn An Oifig um Bainistíocht Údarás Áitiúil (OLAM) saincheisteanna a thagann chun cinn a mbíonn tionchar acu ar an gcóras rialtais áitiúil agus ar gá freagraí comhleanúnacha comhtháite a thabhairt orthu chun torthaí rathúla a bhaint amach. Déanann siad taighde agus forbairt ar fhreagraí ar shaincheisteanna inar léir dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá meon bainistíochta na n-údarás áitiúil le brath mar is cuí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta in OLAM agus oibríonn siad i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, le ranna eile rialtais agus leis na cumainn ionadaíochta ar mhaithe le leas an chórais rialtais áitiúil i gcoitinne.
4. An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha
Tacaíonn na seirbhísí corparáideacha leis an mBSBRÁ mar go n-earcaítear fostaithe scoth-oilte, go bhforbraítear a scileanna agus go gcoinnítear iad. Cinntíonn siad go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla, rialachais agus eiticiúla go léir. Tá Airgeadas, Teicneolaíocht na Faisnéise agus acmhainní inmheánacha daonna i measc roinnt dá bpríomhchúraimí. Soláthraíonn na seirbhísí corparáideacha seirbhísí dlíthiúla agus riaracháin do bhord BSBRÁ, agus dá choistí, agus freisin don bhainistíocht agus don fhoireann.