Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Seirbhísí Corparáideacha

Braitheann forfheidhmiú foriomlán an Bhoird den chuid is mó ar ghairmiúlacht, díograis agus tiomantas na bainistíochta agus na foirne chun spriocanna agus cuspóirí an Bhoird a chomhlíonadh.

Tacaíonn an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha leis an mBord sa phróiseas seo:
  • Trí fhostaithe scoth-oilte a earcú, a fhorbairt agus a choinneáil
  • Trína chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla, rialachais agus eiticiúla go léir
  • Trína chinntiú go leanfar leis na caighdeáin is airde bainistíochta airgeadais
  • Trí theicneolaíochtaí agus trí phróisis nua a scaipeadh chun éifeachtúlacht agus feidhmiúlacht a fheabhsú
  • Trí sheirbhísí dlíthiúla agus riaracháin don Bhord, dá gcoistí, chomh maith leis an mbainistíocht agus leis an bhfoireann a sholáthar.   
Cuardaigh LGMSB HOME
An raibh a fhios agat seo?
  • Is é Tollán Sheán Ó Loinsigh, i gCorcaigh an chéad tollán bóthair faoi abhainn in Éirinn agus ba í seo an chéad uair ar baineadh úsáid as an teicneolaíocht tolláin bháite in Éirinn.
  • Tá 1627 de chomhaltaí rialtais áitiúil ann a toghadh go díreach.
  • Ón mbliain 2000 i leith d’oibrigh an rialtas áitiúil agus na gníomhaireachtaí forbartha áitiúla as láimh a chéile faoi scáth an rialtais áitiúil agus is iad atá freagrach as straitéisí a mholadh agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis an bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha i ngach aon chontae.