Ná bac leis an Nascleanúint  |  Leagan Téacs amháin  |  Méid an téacs: A A A  |  Leagan Béarla

Sláinte agus Sábháilteacht

 

Is cuid den Rannóg Acmhainní Daonna sa BSBRÁ an tAonad Sláinte agus Sábháilteachta.   Is í príomhfheidhm an aonaid comhairle, treoir agus tacaíocht a thabhairt d’údaráis áitiúla maidir le forfheidhmiú na reachtaíochta ar shábháilteacht, sláinte agus leas lena n-áirítear An tAcht Um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005, Na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Foirgníocht) 2006, Na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2007 (Feidhm Ghinearálta) agus rialacháin ghaolmhara.


Glactar cur chuige comhpháirtíochta maidir le Sábháilteacht, Sláinte agus Leas go náisiúnta agus déantar amhlaidh trí Chomhchoistí Stiúrtha Ceardchumainn/ Bainistíochta um Shláinte agus Sábháilteacht. 


Tá líon áirithe príomhfheidhmeanna ag an Aonad Sláinte agus Sábháilteachta:


  • Déantar anailís agus tugtar comhairle ar riachtanais reachtúla agus ar fhorbairtí maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas;
  • Tacaítear agus tugtar cúnamh d’údaráis áitiúla ó thaobh teimpléid agus treoirlínte náisiúnta a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú do raon de chleachtais, de bheartais agus de nósanna imeachta sábháilteachta de réir na reachtaíochta um shábháilteacht, sláinte agus leas;  
  • Comhoibrítear le páirtithe leasmhara ar shaincheisteanna agus ar thionscnaimh náisiúnta um shláinte agus sábháilteacht mar shampla An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, An Roinn Iompair, An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, FÁS, An Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Foirgníochta, Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta;  
  • Comhordaítear agus éascaítear roinnt na n-acmhainní maidir le beartais agus nósanna imeachta dea-chleachtais um shláinte agus sábháilteacht in údaráis áitiúla;  
  • Aithnítear riachtanais oiliúna sláinte agus sábháilteachta san earnáil údaráis áitiúil;
  • Cuirtear feasacht chun cinn maidir le saincheisteanna náisiúnta sláinte agus sábháilteachta in údaráis áitiúla;  
  • Déantar taighde leanúnach ar dhea-chleachtas agus ar nuálaíocht trí anailís a dhéanamh ar threochtaí agus ar litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta. 
Cuardaigh LGMSB HOME
An raibh a fhios agat seo?
  • Is ann do 118 údarás áitiúil.
  • Is é Tollán Sheán Ó Loinsigh, i gCorcaigh an chéad tollán bóthair faoi abhainn in Éirinn agus ba í seo an chéad uair ar baineadh úsáid as an teicneolaíocht tolláin bháite in Éirinn.
  • Ón mbliain 2000 i leith d’oibrigh an rialtas áitiúil agus na gníomhaireachtaí forbartha áitiúla as láimh a chéile faoi scáth an rialtais áitiúil agus is iad atá freagrach as straitéisí a mholadh agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis an bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha i ngach aon chontae.